Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Stáisiún Na Móna: - bhí Joe ag díol móna go príobháideach sular thosaigh stáisiún Mhín Na Cuigne. Cur síos maith ar seo agus ar an mhóin. | 00:03:46 | |
Ag obair ag an Chomhairle Contae ar obair mhóna nuair a d’oscail siad suas na portaigh. Bhí airgead le saothrú an t-am sin. Dhíoladh an Comhairle Contae de réir an dhaichead slat. Bhí conradh ag Seosamh leis an Chomhairle Contae agus an stáisiún. Chuir an obair seo moill ar dhaoine ag imeacht anonn go Albain agus fiú, tháinig daoine na bhaile agus thóg siad tithe agus tharraing siad iasachtaí banc. | 00:05:09 | |
Ag obair leis an mhóin, a baint agus a díol agus a tabhairt na Lagáin do Charlie Kelly sular thosaigh an stáisiún ar chor ar bith. Treabhadh talaimh le beithígh, cur síos maith ar chúrsaí móna. | 00:01:26 | |
Ag cur díoga móna isteach sa talamh, go háirithe talamh portaigh, cur síos maith ar an bealach a dhéantaí seo. | 00:02:09 | |
Scéim bhaint na móna faoin Chomhairle Contae. Thug sé obair agus airgead chun an cheantair san am, bhí óg agus aosta a dhéanamh agus bhí go leor calláin sa áit. Measann sé go ndearna druid stáisiúin na móna dochar mór den cheantar. Thosaigh an aos óg ag imeacht áiteanna eile ansin le obair a fháil.
An dóigh ar tosaíodh ar scéim na móna. Thosaíodh siad ag obair go luath ar an 6 ar maidin ar an mhóin agus chríochnaíodh siad mall tráthnóna. Chuirtí tús leis an obair i mí Márta. Ní raibh na portaigh silte, bhí siad iontach fliuch. Thug sé isteach airgead san am. | 00:08:40 | |